Treoir chun Global May Day 2023
Català ☆ Deutsch ☆ English ☆ Español ☆ Ελληνικά ☆ Française ☆ Polski ☆ Português
★ Seachtain Ghníomhaíochta: 26ú hAibreán – 3ú Bealtaine ★
Eagraígí an troid!
Tá fáinne fí na bochtaineachta agus fiacha móra i ndán don phobal lucht oibre ar fud an domhain. I roinnt réigiún, cuireann borradh feirge agus mire le stailceanna stailceanna, agóidí agus gníomhaíochtaí tionsclaíocha sna láithreacha oibre. Tá oibrithe ag ceistiú an scéil bréagaigh a insítear dúinn nach bhfuil aon chumhacht againn chun ár dtodhchaí a a bhaint amach.
Tá go leor teaghlaigh ag fulaingt mar gheall ar ardú praghsanna fuinnimh agus bia, go háirithe oibrithe ar phá níos ísle. Daoine a mhaireann ar thairseach na bochtaineachta, nó faoina bhun. I gcás go leor oibrithe, níl aon rogha acu ach idir teas agus ithe, agus an cruatan eacnamaíoch ag dul in olcas.
Oibríonn rialtas i ndiaidh rialtais eile ar fud an domhain i gcoinne leasanna ár n-aicme. Tá sé i gceist ag an lucht gnó, tiarnaí talún, úinéirí monarchan agus infheisteoirí, mar chuid den aicme rialaithe, a gcuid cumhachta agus a saibhreas féin a chosaint, agus is iad daoine den lucht oibre agus an timpeallacht a bheas thíos leis. Is é idé-eolaíocht an fháis eacnamaíoch gan chosc atá i gceannas ar achan rud.
Na grabhróga a chaitear linn nuair a bhíonn a lámh i mbéal an mhadaidh mar gheall ar fhrithbheartaíocht eagraithe, is chun muid a chur inár dtost a chaitear, agus ár n-aird a bhaint den fhíor-namhaid: An córas caipitlíoch. Cuireann sé tinneas orainn agus coinníonn sé i ngreim na bochtaineachta muid, agus na príosúin plódaithe. Tá siad ag súil go dtroidfidh muid ina gcogaí impiriúlacha, agus gur muide a íocfaidh/íocfas astu.
Cuirtear dlíthe i bhfeidhm chun srian a chur le hagóidí agus cearta oibrithe a laghdú, cearta ar íocadh go daor as trí streachailtí gan áireamh na láithreacha oibre, chun aon troid éifeachtach ar son an lucht oibre a chur dá boinn.
Ní féidir ár bhfearg a chur amú síos bóithre caocha, agus feadhain ar slabhra fós ag an aicme rialaithe a chur in aít an chinn a bhí againn, ná le haon leasú a chur i bhfeidhm a dhéanann aithris lom ar na modhanna céanna ar teipeadh orthu cheana féin. Ní féidir linn sos cogaidh a fhógairt i dtaca leis an choimhlint aicmeach.
Is é an cuspóir atá againn ná deireadh a chur leis an gcóras pá chomh maith leis an gcaipitleachas féin. Tá muid ag streachailt chun saol a chruthú atá eagraithe ag ár n-aicme-ne agus ar son ár n-aicme-ne, saol atá ag teacht go foirfe leis an timpeallacht.
Ní hamháin go bhfuil sé i gceist againn a bheith ag cur isteach ar an gcóras; tá muid ag iarraidh é a scriosadh.
An rud atá ag teastáil anois, ná láithreacha oibre eagraithe agus frithsheasmhacht an phobail a chruthú, an dlúthpháirtíocht a mhéadú go háitiúil agus go domhanda chun ár gcuid spriocanna a bhaint amach anois agus i ndeireadh na dála.
Seasmhacht bheomhar a chothú go gníomhach inár gceardchumainn, sna láithreacha oibre, ar línte picéad agus ar na sráideanna; ar na línte tosaigh ina bhfuil oibrithe ag tionól.
Ba cheart dúinn mar réabhlóidithe, sindeachálaithe agus oibrithe an streachailt a chur chun cinn ar fud an domhain, laistigh de na ceardchumainn i ndlúthpháirtíocht, ag baint úsáide as teaicticí ar nós cuidiú na gcomharsan, gníomh díreach agus féineagrú.
Tá domhan le buachan againn le chéile! Eagraígí an troid!
#globalmayday2023 #unionisethefight #1world1struggle
na chéad sínitheoirí: IWW WISE-RA | FITE Kolkata | SAC Syndikalisterna | Earth Strike UK | Delivery Voice Kolkata
Chun glaoch a íoslódáil: .pdf
príomhleathanach: Global May Day 2023

5 comments